Eolas

Is féile phobail í Éigse na Bruiséile a cuireadh ar bun in 2022 chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar shaol na Gaeilge i bpríomhchathair ilteangach na Beilge.

Is mian linn cur le cultúr na teanga cois Zenne agus léargas a thabhairt do mhuintir na hEorpa ar bheocht phobal na Gaeilge anseo agus in Éirinn.

Éigse 2025

Tá Éigse na Bruiséile ar ais agus beidh Éigse 2025 ar siúl idir an 16-18 Bealtaine. Tuilleadh sonraí agus clár le teacht gan mhoill.

Tacaíocht

Táimid an-bhuíoch d’Ambasáid na hÉireann, den Roinn Gnóthaí Eachtracha agus de Cultúr Éireann as an tacaíocht atá siad a thabhairt don Éigse i mbliana. Gabhaimid buíochas chomh maith le pobal Gaeilge na Bruiséile agus le gach duine atá ag cuidiú le reáchtáil na féile. Is mór againn an tacaíocht agus an spreagadh.